Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)

Suíomh:
Crumlin, Co. Galway
Múinteoir:
Cáit Ní Óbáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (C)
  2. XML Leathanach 316
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Annsin dubhairt an seoideóir abhí 'ghá gceannacht an t-éan a thabhairt chuige agus go gceannochadh sé é. Rinne sé amhlaidh agus chonnaic an seoideóir sgríobhtha faoi ceann de n-a sgiatháin "an t-é a iosfaidh croidhe an éin seo gheobhaidh sé nóta cúig phunt faoi n-a cheann gach uile maidin" agus an t-é a íosfaidh a ae pósfaí le inghean rí na Frainnce é.
    Mharbhuigh an seoideóir an t-éan ar an bpoinnte boise. Thóg sé amach an ae agus an croidhe agus chuir sé ar an bhfriochtán iad.
    Faoi'n am seo bhí na triúr bhuachaillí ar lorg an éin. Chuaidh siad go dtí siopa an tseoideóra gan a mbricfeasta abheith ithte acu. Bhí ocras ortha. Ní fhaca siad éinne mar bhí an cócaire imthighthe amach. D'ith siad an croidhe agus an ae acht ní raibh fhios acu céard abhí 'ghá n-ithe acu.
    Tháinig an seoideóir amach agus tháinig lagair air nuair a fuair sé amach céard a thárluigh. D'fhág na buachaillí an áit agus d'imthigheadar amach chun a bhfoirtiún a dhéanamh. Chaith siad seachtmhain le sean-mnaoi. Ar deireadh na seachtmhaine thug sí triochadh punt dóibh. Dubhairt sí go bhfághadh sí cuig punt faoi ceann d'á gcinn gach maidin Thomhas siad annsin gur ith ceann acu croidhe an éin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Choscraigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Laragh More, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Padhraig Ó Coscraigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Laragh More, Co. Galway