School: Ballygar (C)
- Location:
- Ballygar, Co. Galway
- Teacher: Eithne, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballygar (C)
- XML Page 054
- XML “Féile Mártain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl eolas na aithne air Mártan sa chuid is mó Éirinn acht tá áiteanna eile agus ní theidheann a Fhéile gan cearc nó choilleach a mharbhudh na onóir.
Agus na theannta sin bíonn cúpla uair a chluig saor ó obair ins na muilte mar deirtear gur mhuilteoir naomh Mhartan.
Is beag an áird a bhí a dailtíní go raibh aithne agamsa ortha breis agus trí fichid blian ó shoin [ar Mhártan]. Lamhna agus a gcuid cloinne na gcomnuidhe idir an choill agus an Port i mbothá beag cré agus cleithe agus gan aon aoirde mór sa tsimilé.
Oidhche Féile Mhártan bhí cuigear nó seisear do na buachailli seo i dteannta chéile agus fuadar ailis futha agus shocruidear air dhuine aca a dhul suas air an dtaobh amuigh do'n tsimlé agus rud éigin a rá chum sgannra a chuir air a raibh astigh. Bu ghearr an mhaoil air an drabadóir dul anáirde agus is é a labhair go dána agus [go?] teann uaidh síos: -(continues on next page)- Collector
- Eithne Bean Uí Liatháin
- Gender
- Female