School: Kilmore (roll number 13010)
- Location:
- Kilmore, Co. Leitrim
- Teacher: Eilís, Bean Uí Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kilmore
- XML Page 256
- XML “Baint an Arbhair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn an gort arbhair glas ar dtúis agus annsin táthglas, 'sé sin cuid de buidhe aibhid. Nuair a bhíonn sé go léir buidhe bíonn sé aibhidh. Má bhíonn sé aibhidh tamall sar a mbaintear é bíonn sé ag sileadh, 'sé sin bíonn an gráin ag tuitim as na díasaibh ar lár. Tagann na buanaidhthe, an lucht bainte annsan ag baint an arbhair. Bíonn coráin acha. An té a bhíonn ag oibhriú an coráin, beireann sé ar dhórnán de'n arbhar le láimh agus baineann sé é leis an gcorán san láimh eile. Dornán a tugtar ar an méid is féider le duine baint le coránn, trí dornáin sin punannTagann bean ceangail indiadh an bhunaidhe agus cuireann sí ceangail ar an bpunáin. Dioscán a tugtar ar an suip tuighe a fagtar ar an talamh indiaidh na mbán gceangail. Cuirtear deich bpunanna ina seasamh san bpáirc agus a gcinn le céile agus ceangailtear dhá phunann ar a mbarr. Fagtar ins na stúcaibh go mbíonn sé tirm. Deantar siogán de na stucaibh. I gceann tamall eile tarrainghthear chun na h-iochlann é agus déantar stacaí móra de.
Tessie McLoughlin
Killadiskert- Collector
- Tessie Mc Loughlin
- Gender
- Female
- Address
- Killadiskert, Co. Leitrim