School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíonns aimsear garbh air tagann corrughadh san bhfairrge, agus tagann múir báistighe , agus bíonn an aimsir an fhuar . Tugtar fá ndeara go mbreathnuigheann na sléibhte an ghar dúinn; go mbíonn léasán thimcheall na gealaighe ; go dtagann gála mór, agus gurb' í an ghaoth an deas an ghaoth is mó a thaganns báisteach. Amantaí eile, tagann gála mór roimh an mbáistigh, agus nuair a dhéanann sé ndeara go mbíonn na faoileáin ina luighe achar isteach on bhfairrge , agus amartaí eile ina seasamh nó ag eitilt go h-íseal,; go mbíonn an spéir ag breathnughadh dorcha , agus na scamall ag rith innte . Nuair a bhíonn ceó mór ann le duire gealaighe , deirtear go mbíonn báisteach air. Chídhtear go mbíonn an súghaidh bog san t-simne , agus go dtuiteann sé freisin le linn báistighe a bheith air.
- Collector
- Mícheál Ó hIarnáin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
- Informant
- Bairtle Ó hIarnáin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway