School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá aill siar ó Ghort na Gcapall ar a dtugaidís "Aill an t-sagairt", mar tá lorg coise agus leic atá ar bharr na h-aille agus deireadh na sean-daoine gur lorg coise sagairt atá ann. Tá poll i bhFearann-an-Choirce ar a dtugaidís "Poll a bhfolach" agus deirtí go mbíodh sagairt agus daoine ag dul i bhfolach ann i-naimsir na Geirleanamhna. Dá marbóchadh na saighdiuirí sagart gheobhaidís chúig phunt ar a chloigeann uaidh na Sasannaigh. Bhíodh tíghthe speisialta ag na sagartaibh le h-aghaidh an Aifrinn a léigheadh. Bhí sagart i-gConn Mhaicne Mara, agus bhíodh sé ag léigheadh Aifrinn idteach a raibh gasúr óg nuair a gheibheadh sé an deis é a léigheadh. Thaithnigh an gasúr chomh mór leis go ndubhairt sé le na athair agus le na mháthair go mbfhearr dóibh sagart a dhéanamhde. Nuair a bhí sé tuairim is sé bliadhna déag chuaidh sé amach go dtí an Fhrainc. Rinneadh sagart de san tír sin, agus léigh sé an chead Aifrionn san Fhrainc. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile go Conn Mhaicne Mara, b'éigean do éadach mairnéalaigh a chur air sul d'aithneóchadh na Sasannaigh é gur tháinig sé ag a athair agus ag a mháthair. Nuair a chualaidh lucht an bhaile é tháinigeadar ar chuairt aige dubhairt sé leób go mbeadh Aifrionn aige ag a deich a chlog ar maidin. Bhí fear ag eisteacht leis agus ba spíadóir é, agus d'imthigh sé ar an teach go ndeachaidh sé ag an nGárda gur innis sé dó é. Nuair a bhí an sagart ag léigheadh an(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó hIarnáin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
- Informant
- Tomas Uá Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway