School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)
- Location:
- Ballyglass South, Co. Galway
- Teachers: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San am fadó níor maith lé na daoine bás a fhágail ar leabaidh clú. Bhíodh ar na daoine sa teach iad a chur ar tuighe go mbéidhidís caillte. Theigheadh triúr fear bá giorra gaol don líon tighe leis an ngléas thóraimh a ceannacht. B'sin tae agus siucra agus aráin seachas fíon do na mná agus leanna do na fir. Nuair a bhíodh sí marbh ar feadh ceithre uaire ar a laghadh nígheadh triúr ban e agus chuiridís fé clár é ar bord fada a bhíodh ann do'n obair sin amháin. Chuiridís an bord sin taobh thoir san gcistin. Nuair a níghtí an corp dhoirtí amach an t-uisge í nait nach shiubhailfeadh aoinne air.
Nuair a bhíodh an duine marbh fé clár dheirtí an phaidrín agus chaitheadh gach bean nó cailín cúig nóimeat ag gol ós árd.
Le linn an tóraimh bíodh solus fé leith san teach. Dhéintí crois ar nós cos na luone acht é a bheith níos mó. Chuirtí poll i ngach ceann dhe agus coinneal í ngach poll agus iad ar lasadh. Chrochtaóí as fráthac é í lár na chistineach. Tugtaoí "crann soilseach" air bhíodh trí coinnle roisíní agus iad ar lasadh í naice an chuirp.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Nualláin
- Gender
- Female
- Address
- Kilcooley, Co. Galway