Scoil: Cill Cruain (C) (uimhir rolla 11187)
- Suíomh:
- Ballyglass South, Co. Galway
- Múinteoirí: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Cruain (C)
- XML Leathanach 277
- XML “Scoil Mhóta”
- XML “Scoil Mhóta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)San Samhradh bá bheag sgoláire a thagadh ar sgoil, acht san nGéimhreadh thaghadh dáfhichead duine - cuid aca suas le 18 go 20 bliadhna d'aois. Ní bhfuigheadh siad laethe saoire i naon chor agus dfanacdh siad sa mbaile gan cead, mar san am sin ní raibh foiréigean ar na daoine a bpáistibh a chur ar an sgoil. Dfanadh siad sa mbaile nuair a bhiodh siad ar easbaidh lé linn an Earraigh agus san Samhradh agus san bhFóghmhar nuair a bhíodh a lán oibre lé déanamh. Bhaintí usáid as dhá leabhar - leabhar lithridheachta agus leabhar leightheóireacht.Dubhairt céile Mic Uí Chiunn go ndeachaidh sí do'n sgoil mhóta cúpla lá a bhí i nGort Mór agus Risteárd Ó Chorra an t-ainm a bhí ar an mhuinteóir Bhí teach aige ar nós tighe "Patch" agus bhí na riaghlacha ceadhna ag Risteárd a's a bhí ag Patch.
- Chonnaic m'athair féin an sgoil móta i nGort Mor
Ní cuimhnigheann leis leabhar ar bith a bhíodh aca act Reading Made Easy - "Read a Ma Daisy" ghlaoidhtí air. Bhíodh na ba sa seomra céadna leo - ie sa gcistín. Tá m'athair 75 bliadhain anois.- Bailitheoir
- Brigid Uí Náradaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)