School: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Location:
- Lisheennaheltia, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Choisdealbha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lisín na hEilte (Cailíní)
- XML Page 005
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear in America san áit a glaobhtar Nua Eabhrac. Shuibhal sé amach oidhche amháin ag spaisteoireacht. Chonnaic sé sochraid ag dul an t-sráid. Suibhal sé sgathamh beag leis. Níor mhothuigh sé go raibh sé in Eirinn istigh ar an teampall Tórtha taobh thíos de Beal Ath Mógha agus bhí an gealach ina suidhe. Thosuigheadear ag cur an cuirp. Siubhal sé suas go dtí an áit a raibh a athair curtha ann. D'aithnigh sé an uaigh céard a rinne sé ach an sgian beag a tarraingt amach as a póca agus d'osgail sé é agus sáidh sé síos i gcloigeann an uaighe é. Nuair a bhí an corp curtha suibal sé amach agus níor mothuigh sé é féin go raibh sé i Nua Eabhrac arís. Bhí na bóithre agus na tighthe le feiceáil mar a bhíodar ariamh. Ní raibh a fhios aige an ag briongloid a bhí sé nó nach eadh. Sgríobh sé ag a mhuinntir agus dubhairt sé leobhtha dul ag an teampall agus feachaint an bfuigeadh siad an sgian saighthe ag chloigeann a athar. Cuaidh siad agus fuaireadar an sgian saighthe ann.
- Collector
- Mairéad Nic Bháird
- Gender
- Female
- Informant
- Uaitear Ó Fionnagáin
- Gender
- Male
- Age
- 85
- Address
- Lisheennaheltia, Co. Galway