School: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Location:
- Lisheennaheltia, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Choisdealbha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go mbeidh baisteach againn.
3. Nuair a bhíonn an crotach ag sgreacháil ar fud an bhaile sin comhartha go mbeidh baisteach againn.
4. Nuair a iompuigheann an cat a dhruim go dtí an teine sin comhartha go mbeidh baisteach againn. - Taobh thiar do Dhún Mhór san áit a glaodhtar "Cluan Féin", bhí fear annsin ag maorsacht do dhuine uasal a bhí in a chomhnuidhe shíos i gCúige Uladh. Thug an maor faoí ndeara go raibh an féar ghá ghoid uaidh. Sgríobh sí sios ag a mhaighistir agus dúbhairt sé go raibh an féar dhá goid uaidh. "Ná bac leis" adeir an fear, cuirfidh mise fear agat a cumhdeochas an féar. Céard a thug sé aige ach taidhbse. Is é an sórt rud a bhí sa taidhbhse seo. Ní raibh aon fheicéal aige ach bhí sé inán cainnt. An t-ainm a bhí air "Clóirín". Fé ceann cúpla oidhche tháinic daoine ag goid an féir arís. Tháinic "Clóirín" i bhfuirim bullán beag agus thosuigh sé dhá rupadh agus dá leagaint gur chuir sé ag imtheacht íad agus deifir leo freisin. Deirim leat gur leig siad leis an bhféar as sin amach. Dubhairt an maor leis lá amháin tá muid sáthach fada mór lé na chéile agus ag cainnt ba chóir duit tú féin a teasbáint dom. Dá teasbánfad mé mé fein duit ní dhéanfaidh tú aon lá maitheas coidhche mar(continues on next page)
- Collector
- Peig Ní Shlataraig
- Gender
- Female
- Informant
- Padhraig Ó Cheannaigh
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Lisheennaheltia, Co. Galway