Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Suíomh:
- Lisheennaheltia, Co. Galway
- Múinteoir: Cáit Ní Choisdealbha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San Nodhlag big sa mbliadhain 1839 tháinig an gaoth mór. Rinne sé go leoir dochair ar anam agus buthaigh thart ar an tír. Báile Átha Cliath gan cainnt ar aon rud eile bhí sé raidhte go ndearna sé an oiread seo púnta damasta £350,000. Do dhóigh séipéal agus tighte thart timcheall sraide Dorset. D'éirigh an Life i mBáile Átha Cliath go leoir troighte. Áiteanna d'imthig an tuille thart ar na mbailte ins an thaobh thoir de Co-na-Mídhe. Thuit cupla orlach sneachta sa lá sin. Bhí sé ciúin agus dorcha agus ní raibh aon fuacht ann. Bhí sé ag feachaint aisteach. Níor tháinig solus na gréine amach as na nealta. Bhí an oidhche ciúin suas go deí a deich a clog tháinig an stoirim beagán. Gach noimid ón t-am sin. Bhí sé ag eirigh níos láidre agus ar a do dheag a clog bhí sé in a lán a cuid nirt agus níor stop an stoirim go feí a ocht a clog lá ar na bárach agus cailleadh go leóir daoine le faithcios roimh an gaoth. An criodhe is láirdre a bhí sa tír an oidhche sin cuireadh faitchios air. Bhí na daoine ag caoineadh mar na leanbaí beaga. Leagadh tighte agus stabhlaí agus bhí an gaoth in aon sinéan amháin agus ní mar an gaoth a thagann ins na laetheannta seo. An troid is mo a bhí ariamh agus an meid ghunnaí mora agus pudár on cead lá a rinne pudár agus gunnaí ní gcloisfidh iad dá mbeadh siad cead slat on teach. Nuair a beadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chiaráin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Walter Ó Fhionnagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 36