School: Baile Nua (roll number 15331)

Location:
An Baile Nua, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ua hUigín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua
  2. XML Page 108
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Sa mbliadhain 1839 bhí stoirm mhór ann.

    Sa mbliadhain 1839 bhí stoirm mór ann. Ar maidin nuair a d'éirigh na daoine bhí liathróid dearg thíos ar Chruic Meadh agus ar feadh an lae sin bhí néalltaibh móra dubha ins na spéartha agus cheap cuid dhe na daoinibh gur báisteach a bhí air i dtosach agus cheap cuid eile gur deireadh an domhain a bhí a tigheacht bhí an lá chomh dubh sin.
    Nuair a tháinic an tráthnóna bhí fhios acab gur stoirm a bhí le teacht agus chuaidh gach duine amach go dtí a chocaí féir agus chuir sé maidí leób acht ní raibh aon mhaith ann. Tuairim's a sé a chlog sa tráthnóna thosaigh gaoth láidir a shéideadh agus tuairim's a h-ocht a chlog thosaig an stoirm mhór.
    Bhí faitchíos ar gach duine dhá raibh ar éadon an domhan an oidhche sin ach cé'n mhaith a bhí ann. Bhí siad dúisighthe ar feadh na h-oichche sin, agus d'éirigh cuid de na daoinibh agus thosaigheadar a rádh an Phaidrín.
    Bhí faitchíos orra a breathnú amach ar fhaitchíos go bhfeicfeadh síad aon rud a tuitim. Ar maidin nuair a bhreathnuigh siad amach bhí crainnte 's chuile shórt leagtha agus in áiteachaibh bhí tighthe leagtha.
    Nuair a chuaid na feilméaraí amach ar an sliabh ar maidin i gcoinne na gcaoirigh bhí síad sgartha ón a chéile agus marbhuigheadh cuid acad. Bhí go leór daoinibh marbh an oidhche sin. Na crainntibh a bhí a fás i leath-taobh an bhótharir bhí síad leagtha treasna an bhóthair agus níorbh fhéidir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chonaire
    Gender
    Female
    Address
    Na Cualacha, Co. Galway
    Informant
    Micheál Ó Conaire
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Na Cualacha, Co. Galway