School: Leamhchoill (roll number 10742)
- Location:
- Leamhchoill, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Domhnalláin
![The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 240](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0064%2FCBES_0064_240.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 240
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leamhchoill
- XML Page 240
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is fearr leath bhuilín ná a bheith gan aon ‘ráin.
Is teann an mada beag i ndoras a thighe féin.
Ní de’n óirnéis an céad t-snátha.
As na tighthe beaga a théigheann’s na daoine ins na tighthe móra.
Is léir de’n dall a bhéal.
Onóir mór agus pócaí folamh.
Is maith an sgéal go dtagaidh sgéal eile.
Dearmad bhean an tighe ag an gcat.
Cuid de’n mhuic an t-iorball.
Ní féidir fear gan ceann a chrocadh.
Ní bhíonn meas ar choileach do carn’ aoilighe féin
Nuair is cruaidhe do chaileach gan sí rith.
Tá adharca fada ar buaibh tar lear.
Tá cead ag an gcat breathnú ar an righ agus níl cead ag an righ é a chaitheamh.
Is olc an ghaoth nach séadann maith go duine éicint.
An Sgoláir – Máire Ní Bháinn.
A Sheoladh – Leamhchoill, Maghchuillín, Co. na Gaillimhe
Ainm an duine a thug an sgéal dhí – Máirtín Báinn
A Seoladh - Leamhchoill, Maghchuillín, Co. na Gaillimhe- Collector
- Máire Ní Bháinn
- Gender
- Female
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Báinn
- Gender
- Male
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway