Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 327
- XML “Seanamhrán”
- XML “Seanamhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán (ar lean)
“D'éirigh mé fhéin ar maidín go moch, agus bhbí sé ar thús an Fhógmhair”
(ar lean ón leathanach roimhe)A bheith ag ól ól i mo shlánte
Tusa agus mise bheith pósta i n-inntin athair is máthair.
Is a mhaighdeann óg nach milse do phóg ar thaobh na carraige bána.
An Sgoláir. Pádraig Buiréad.
A Sheoladh. Leamhchoill. Maghchuilinn. CO. na Gaillimhe.
An duine a thug dó é. Mícheal Ó Ceallaigh.
A Sheoladh. Leamhchoill. Maghchuilinn. Co. na Gaillimhe.
Ag teacht aniar ó bhaile dhom dhá mhíle amach ón cláir
Cé casadh orm acht cailín deas agus í ar a chruadh a cas.
An tusa bean an tsean-dhuine?
Is mé, mo creach ‘s mo chrádh dá mbéinn-se bliadhain mo comhnaidh leis.
Ní thiubhrainn dó grádh,
Brón ar mo mhuintir a phós mé comh h-óg.
Phós siad leis an t-sean-duine mé mar gheall ar cúpla bó
Míle b’fearr liom agam buachaillín deas óg a téigheadh
isteach ar maidin agus bhéarfadh dhomsa póg.
As nach deas an fear i mbaile mé, níl dúil agam i nól.- Ag teacht aniar ó bhaile dhom dhá mhíle amach ón cláir
Cé casadh orm acht cailín deas agus í ar a chruadh a cas.
An tusa bean an tsean-dhuine
Is mé, mo creach ‘s mo chrád dá mbéinn-se bliadhain mo comnaidhe leis.
Ní thiubhrainn dó grádh,
Brón ar mo mhuintir a phós mé comh h-óg.
Phós siad leis an t-sean-duine mé mar geall ar cúpla bó
Míle b’fearr liom agam buachaillín deas óg a téigheadh
isteach ar maidin agus bhéarfadh dhomsa póg.
As nach deas an fear i mbaile mé, Níl dúil agam i nól.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Oithchir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cnoc, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Mairtín Ó hOithchir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cnoc, Co. Galway