School: Uachtar Árd (roll number 4786)
- Location:
- Oughterard, Co. Galway
- Teacher: An tSr M. S. Iognáid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Uachtar Árd
- XML Page 154
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go dtí an tráigh le dul ag troid leis an bpéist cun inghean an ríogh a chosaint.
Bhí an tráig lán do dhaoine. Nuair a chonnaicead an buacaill breagh ar an gcapall áluinn chuireadar glaodh mór asta. Annsin tháinig an péist mór isteac agus thosuigh an troid. Bhí an tráigh agus an fairrge lán dfhuil. Bhíodar go tráthnóna ag bualad a chéile. Annsin d'imthigh an pheist. Chuir an buachaill annsin a chulaith airm agus a chlaideamh agus a capall isteach san gcaisleán agus tiomáin sé na ba abhaile.
Nuair a tháinig an feilméar abhaile bhí sgéal mór aige don bhuachaill aimsire.
"Thainig an buachaill is fearr dá bhfuil ar an t-saoghal indiú agus cosain sé inghean an ríogh arsa an feilméar. "Níl fhíos ag einne cé hé. An dara lá núair a tháinig an péist aríst bhí an buacaill roimhe ar an tráigh. Caitheadar an lá ag troid agus ins an tráthnóna dimtig an phéist.
An tríomhadh lá nuair a tháinig an buacaill labhair inghean an ríog leis agus chuir sí a ceann ar a glúin agus ghearr sí piosa gruaighe de. Marbhuigh an buachaill an péist an lá sin. An lá in a dhiaidh chuir an(continues on next page)- Collector
- Nóra Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Oughterard, Co. Galway
- Informant
- Mrs Walsh
- Gender
- Female
- Age
- 70