School: Shindilla (roll number 14285)

Location:
Lurgan or Shindilla, Co. Galway
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 275

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 275

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Shindilla
  2. XML Page 275
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an tarbh gan maide ar bith. Dubhairt an bhean annsin go gcuirfeadh sí a seál ar a cloigeann agus nach mbeadh sí ag breathnughadh corr ar bith. D'imthigh sé annsin agus nuair a chonnaic an tarbh é ag teacht chuaidh sé go dtí é. Fear láidir cródha a bhí ann agus tháinig sé chomh tapaidh ar an tarbh nár bhféidir leis a adharc a sháthadh ann. Taréis tamaill d'éirigh leis an bhfear greim a fhághail ar an iorbhaill a bhí sleamhan le fuil ag na madraí. Má bhí sé sleamhan fhéin chongbhuigh sé a ghreim. Tháinig sé síos ar an tarbh annsin le fuinnseóg. Bhris sé cuid de cnámha a dhruim. Sheól sé an tarbh leis gur chuir sé isteach ina stábla fhéin é agus bhí sé sin tamall maith uaidh. Fuair se rópa agus tharraing sé síos an tarbh agus ba cuma leis an bhfuigheadh sé bás nó nach bhfuigheadh. Tháinig mac an fhir caillte le ord agus an tuagh chun an tarbh a mharbhuigh. Rug sé ar an mac agus chart sé isteach i bpoll é agus dubhairt sé leis "tá tú ag teacht anois chun an tarbh a mharbhuigh agus ní raibh tú i ndon é a chuir ó d'athair. Na daoine a bhí ar an gcnoc thóg siad an fear caillte as an bportach agus thug siad abhaile é. D'imthigh De Búrca annsin agus thóg se a bhean as an áit bhog.
    Máirtín Ó Ceallaigh
    Cros Bhóthair Máma
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Informant
    Mairtín Ó Cheallaigh
    Gender
    Male
    Address
    Maam Cross, Co. Galway