School: Shindilla (roll number 14285)
- Location:
- Lurgan or Shindilla, Co. Galway
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Shindilla
- XML Page 287
- XML “Tithe a Dódh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin bhí bean as Gleann in-aice le Uachtar-árd agus cuaidh sí go dtí an Baile mór ag díol bainne géar ar asal. Nuair a tháinig sí abhaile bhí sé deireannach. Cuaidh sí amach ag bleághan na beithidhigh agus thug sí lampa beag práis in aonfheacht leithi. Chroch sí ar an mballa é agus nuaira bhí sí réidh chuaidh sí isteach. Nuair a bhí sí reidh leis na beithidhigh rinne sí dearmad an lampa a mhúchadh. Nuair a d'eirigh sí ar maidin ní raibh blas d'en stábla fágtha agus dóghadh ar fad gach rud a bhí ann. Dóghadh na beithidhigh agus ní raibh tada aice cun bainne a thabhairt di. Dubhradh go raibh sí ar meisge an oidhche roimhe sin agus gurb é sin an fáth a d'fág sí an lampa lasta. Bhí an truagh ag chuile duine dí agus chuaidh síad thart timcheall an bhaile ag bailiughadh airgid le beithidhigh a cheannacht di.
- Informant
- Máirtín Ó Cheallaigh
- Gender
- Male
- Address
- Maam Cross, Co. Galway