School: Shindilla (roll number 14285)
- Location:
- Lurgan or Shindilla, Co. Galway
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Shindilla
- XML Page 305
- XML “Sníomh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gnídís sníomh fadó le tuirne. Bhíodh ceap túirne deireadh agus fideóg ann agus chuiridís an rotha isteach air. Bhíodh céap-túirne tosaigh ann agus bhíodh dhá pholl ann agus bhíodh cluaiseanna ann déanta as tuighe. Bhíodh fearsad sáidhte isteach ann agus sreang dúbailte dhá uair timcheall air agus thart ar an rotha sa ceap túirne deireadh. Leis an snátha a sníomh, chuiridís a lámh isteach sa rotha agus d'iompuidís thart é agus sníomhaidís an snátha annsin. Bhíodh dhá chineál snátha ann an t-inneach, agus an dlúth. Bhíodh snátha amháin leis an t-inneach agus dhá snátha dúbailte leis an dlúth. Ba féidir leo deilbh a dhéanamh freisin le ceithre maide móra. Péire ina seasamh agus péire treasna. Ceann thuas ag an bhárr agus ceann thíos ag an deireadh. Bhíodh pionna ins na maide móra a bhíodh ina seasamh suas leis an snátha a deilb.
Coinnle. Gnidís coinnle le h-aghaidh an blian fadó as bruibh agus geir agus ceirteacha. Fághaidís na bruibh agus bhainidís na rudaí glasa dóibh agus dhéanaidis troisleán dóibh agus chuiridís geir ortha agus dhóghaidís siad iad.
Gallúnaighe. Gnídís gallúnaighe as feaman(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Bhrian
- Gender
- Female
- Address
- Derroogh, Co. Galway