School: Cloigeann
- Location:
- Cleggan, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Fathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloigeann
- XML Page 299
- XML “Taibhse an Chladaigh Dhuibh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)roilig in Oileán Iomaidh. Bhí siopa beag aige sa gClochán go dtí cúpla mhí ó shoin ann. Annsin chuaidh sé go teach na mbocht i mBaile Locha Riabach áit a théigheann cuid de na sean-daoine. Ar an ficheadh lá de'n Mheadhon Fhóghmhair fuair inghean a dhriotháir leitir sa gCladach Dubh a rádh go raibh a h-uncal Micheál marbh agus ag iarraidh uirthí an áit a bhéadh sé curtha. Chuir sí leitir ar ais chuca a rádh leo an corp a cur go Cladach Dubh.
I gceann cúpla lá tháinic an socraid go dtí an Roilig. Bhí na focail seo sgríobhtha ar an gcomrain:- "
Michael Faherty
DIED SEPTEMBER THE 20th
AGED 60 YRS
R.I.P.
Chuaidh daoine na h-áite agus a chairde chun na socraide agus do cuireadh é in Oileán Iomaidh imeasc a cháirde féin mar a ceapadar ag an am sin.
An Satharn seo caithte bhí faitcíos an domhain ar na daoine a bhí ag teacht ó Ghaillimh ar an mbus go Clochán, nuair a tháinic Ó Fatharta isteach ann, agus nuair a cheannuigh sé ticéad le dul go Clochán. Thosaigh sé ag cainnt le daoinibh go raibh aithne aige ortha acht níor labair siad hú ná há leis. Ní raibh fhios aige cén fáth go raibh an scéal amhlaidh - agus bhí - acht tar éis bheith(continues on next page)- Collector
- Íde Ní Thuarthail
- Gender
- Female
- Address
- Moorneen, Co. Galway