School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 016
- XML “An Gasúr agus Ór an Fhathaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chreid sé í. Mharbhóchadh sé muinntir na h-Éireann dá bhfuigheadh sé greim ortha. 'San oidhche dubhairt an fathach leis an mbean an bosca óir a bhí annsin thuas a thabhairt chuige. Tugadh agus thug sé ór as an mbosca agus bhí an buachaill ag éisteacht leis agus dubhairt sé go mbéadh an bosca sin aige go mba chuma dhó é.
Nuair a fuair sé iad 'na chodladh thug sé an bosca leis agus d'imthigh leis go dtí teach, áit ar fhan sé go raibh sé 'na h-oidhche agus thuit a chodladh air. Nuair a fuair muinntir a' tíghe 'na chodladh é do ghoideadar an t-ór uaidh as an mbosca. Nuair a d-imthigh sé thug sé leis an bosca agus chuaidh sé abhaile annsin agus nuair a d'oscail sé an bosca, clocha a bhí ann. Bhí fhios aige annsin go mba iad muinntir an tighe a ghoid an t-ór uaidh.
Chuaigh sé go dtí teach an fháthaigh aríst agus nuair a tháinig sé ann bhí an fáthaigh imthighthe. Bhí bean a' tíghe istigh agus fuair sé a dinnéar uaithe aríst agus dubhairt sí leis go(continues on next page)- Informant
- Máire, Bean Uí Finneachta
- Gender
- Female
- Age
- 57
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Doire Fhatharta, Co. Galway