School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 020
- XML “Jackeen - An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)breágh óir & thug sé abhaile chuig a mháthair é.
Bhí sé ag imtheacht leis ar an gceird sin i bhfad nó go bhfuair an ceannphort a bhí ar an áit sin amach é. Chuir sé fios ar Jackeen & dubhairt sé leis, mara ngoidfeadh sé an capall a bheadh sa stábla & fear ag marcaigheacht uirthí & fear dá faire, go mbeadh an ceann le cailleadh aige.
Fuair Jackeen chuile shean-ghiobal & chuile droch-éadach & chuir sé air iad. Cheannuighe sé cárt fuisge & chuir sé 'na phóca é. Chuaidh sé go dtí doras an stábla sa h-áit a raibh laitheach & puiteach brocach & romhair sé e féin ann, & thosaigh sé ag osnaighil & ag sgréachaighil & thug siad isteach é. Théidh siad leis an teine é & chuartuigheadar é. Ba ghearr gur leig sé air féin go raibh sé 'na chodladh & chuimhnigh siad go mbéidir go mbeadh aon airgead aige, & céard fuaireadar ann ach an fuisge. Thosuigheadar dhá ól agus níor bhfada gur thuiteadar in a gcodladh mar gheall ar an bhfuisge a bheith ólta aca. Ar an bpoinnte sin d'éirigh Jackeen & thug sé leis an capall & d'éaluigh sé amach as an stábla léi. Nuair a tháinig sé go dtí an ceannphort bhí sé ar buille leis na daoine bhí a' faire an chapaill. Dubhairt an ceannphort leis mara ngoidfeadh sé an céachta as an bpáirc & fear a' threabhadh leis go mbeadh an ceann le cailleadh aige.
D'imthigh Jackeen leis & fuair sé dhá choinín & bhris sé cois ceann aca & chuaidh sé ar chúla an chrainn & sgaoil sé an ceann slán an chéad uair uaidh & níor iarr an fear a bhí leis an gcéachta an ceann sin a leanamhaint. Acht nuair(continues on next page)- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway