School: Camus (roll number 11290)

Location:
Camas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Camus
  2. XML Page 024
  3. XML “An Leasmháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gcoill ag baint maidí. D'fhág siad na gasúir istigh sa gcoill agus dúbhairt siad leób fanacht annsin nó go dtagadh siad féin 'na gcoinne.
    Nuair a bhí an buachaill beag ag gabhail isteach ar maidin thug sé leis lán a phóchaí de chlochaib bheaga agus bhí sé ag sgaoileadh ceann aca uaidh 'chuile choiscéim dá dtugadh sé. Nuair a bhí sé i bhfad sa lá chuimhnigh siad go maith gur le iad d'fhágail sa gcoill a bhí a mhuinntir agus dúbhairt siad le chéile go mbadh cheart dóib thriall le gabhail amach as an gcoill.
    Fuaireadar an t-éolas i ngeall ar na clochaibh beaga a chaith an buachaillín ar an talamh agus tháiniceadar abhaile.
    Lá eile fágadh sa gcoill iad agus d'éaluigh an leas-mháthair uathab. Chuaidh siad amudha agus tháinic siad isteach i dteaichín beag nach raibh ann acht sean-bhean. Ar maidin lá 'r na bháireach chuir an t-sean-bhean an gasúirín fir isteach i gcró agus bhíodh an drifiúr a' tabhairt beatha chuige gach lá. Bhí an t-sean-bhean caoch agus nuair a theígheadh an t-sean-bhean ag breathnú air go bhfeicfeadh sí a mbeadh sé reamhar ní h-í a lámh a thugadh sé dí ach cnámh a fuair sé sa sgioból.
    Lá amháin dúbhairt sí go raibh sé sáthach reamhar le marbhú agus d'órduigh sí do'n chailín pota uisce a chur síos. Nuair a bhí sé sáthach te dúbhairt an cailín beag léi a lámh a chur síos ann, feáchaint an raibh sé sáthach te. Nuair a fuair sí cromtha síos an t-sean-bhean chaith sí síor sa bpota í agus bruitheadh agus dóghadh í. Annsin chuaidh an cailín beag amach agus leig sí isteach as an gcró an buachaill. Chuartuigheadar an teaichín agus fuaradar cuid mhaith óir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Folktales index
    AT0327: The Children and the Ogre
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Other names
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ceata, Bean Uí Ghiobúin
    Gender
    Female
    Age
    65
    Address
    Camas Uachtair, Co. Galway