School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 040
- XML “An Gasúr a Chuaigh go hIfreann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Níl mórán áit annseo" ar sise. "Ó", ar seisean, "Déanfaidh an teallach mise". Annsin d'fhiafruigh an t-sean-bhean dhe cé'n fáth nach ngabhfadh sé siar sa mbaile mór & go bhfuigheadh sé neart áit ann, & go mbeadh sagart óg dhá choróinniú amáireach ann, & go beadh sé in-am ar maidin le bheith a' bhreathnú air. Annsin chuimhnigh an buachaill ar an oidhche fadó ar iomchuir sé an diabhal go dtí na leithéad seo de theach á raibh an fear & an bhean ag troid. Dúbhairt an diabhal go mbeadh mac acab & go mbeadh sé ina shagart, & chuile dhuine a gcaithfeadh sé an t-uisge coisreachan air go ngabhfadh sé go h-Ifreann. Nuair a shroich an buachaill seo an baile mór bhí an sagart a' léigheamh an Aifrinn roimhe nó tosuighe dhá léigheamh, & ar a ghabhail siar do'n bhuachaill fuair sé slis ag doras teach eicínt, & nuair a bhí an sagart ag ghabhail aníos úrlár theach a' Phobul, ag craitheadh an uisge coisreag bhí sé seo ag siubhal síos roimhe, & ní dhearna sé ach an sagart a bhualadh ar mhullach a' chinn & gan deor a fhágail ann.
Tháinic an sagart Pobul aniar ó chúla na h-altórach & d'fiafruigh sé dhe cé'm fáth dhó é a mharbhú. "Ó" ar seisean "Is maith an lá don phobal é sin a mharbhú mar níl aon duine a gcraithfeadh sé sin an t-uisge coisreag nach ngabhfadh go h-Ifreann". "Is geárr go mbeidh fhios agam-sa é" ars an sagart. Thosaigh sé ag léigheamh ós chionn an t-sagairt a bhí marbh & chur sé 'na splanncracha amach thríd mullach a' tighe é. D'imthigh an sagart siar annsin & chuaidh siad san
D'imthigh siad san is tháinig mise.- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway