School: Camus (roll number 11290)

Location:
Camas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 057

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 057

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Camus
  2. XML Page 057
  3. XML “Mac na Baintrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nó ceoltóir". Bhí go maith. Fuair sé píosa mór cadáis agus thosuigh sé ag déanamh mála móir. Chuaidh sé féin agus an Cailleach siar go teach an Ríogh agus bhuail sé an doras agus dubhairt sé leis an tsean-bhean fanacht amuigh go dtagadh sé féin amach. D'fhiafraigh an dóirseóir cé bhí ann agus dubhairt seisean gur amadán. Sgaoileadh isteach é agus chuaidh sé go dtí an seomra a raibh an biadh leagtha anuas ann agus ní dhearna sé ach an bord a ionnsughadh agus gach a raibh air a chur síos sa mála. h-Innsigheadh an sgéal do'n Rí agus d'orduigh sé sin an tomhas sin a leagan anuas aríst agus dhá ndéanfadh an t-amadán an rud a rinne sé cheana go leigfeadh sé a chloigeann faoi na chosaibh. Ní túisce a bhí an bord leagtha anuas ná rinne an t-Éireannach an cleas céadna. Tháinic an Rí anuas agus tharraing sé dorna ar an amadán ach ní dheachaidh leis mar bhuail sé an Rí ar an gcluais agus níor fhág sé deóir ann. Pósadh é agus an bhean a chur an fáinne ar a mhéir mar ba hin í bean an Ríogh agus bhí bainfheis agus tórramh i n-éinfheacht ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Other names
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ceata, Bean Uí Ghiobúin
    Gender
    Female
    Age
    65
    Address
    Camas Uachtair, Co. Galway