School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 059
- XML “An Bheirt Mhac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dtí sean-chró, áit a raibh clárachaí. Chuaidh sé isteach faoi chlár mór áit a bhfuair sé dídean.
Amach i lár na h-oidhche chuala sé gleo ar bharr an bhalla. 'Séard a bhí ann go leór cat agus séard a bhíodar a' rádh go raibh inghean an Ríogh go dona agus dá bhfághadh sí braon as an tobar atá i mbun an bhalla seo go mbeadh sí chomh maith is bhí sí 'riamh. Nuair a d'imthigheadar chuaidh an mac bocht a' cuartú an tobair. Fuair sé é agus d'ól sé fhéin braon as agus bhí sé chomh maith is bhí sé ariamh. Thug sé leis braon de agus leigheas sé inghean an Ríogh. Fuair sé airgid agus ór as sin a dhéanamh. Chuaidh sé abhaile agus d'iarr an mac saidhbhear air cé bhfuair sé an t-airgead. "Gheobhfaidh tusa san áit chéadna é má leigeann tú cead dom-sa do shúilí a chur amach". "Ó, cuir", adeir an mac saidhbhear agus rinne an mac bocht sin. Annsin chaith se isteach sa mballa é agus amach i lár na h-oidhche tháinic na cait aríst. Dubhairt cat acu go raibh gadaidhe annseo aréir a thug an sgéal leis. Thosuigheadar ag cuartú agus fuaireadar an(continues on next page)- Collector
- Padraic Mac an Iomaire
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Collector
- Stiophán Mac an Iomaire
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Seán Mac an Iomaire
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway