School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 094
- XML “Rí na hÉireann”
- XML “Pisreogaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go bhfaca sé na mílte daoine ag déanamh air. Bhí beagán faitchís air ar dtús.
"Ó", adeir siad, "Níl ag teach indiu acht duine".
Thosuigh sé ag marbhughadh agus sul má chuaidh an ghrian faoi bhí a 'chuile dhuine marbhuighthe aige.
"Meas tú bith", adeir sé, cé'n chaoi a bhfuil siad ag éirighe arís: Ní ghabhfaidh mé abhaile anocht chor ar bith. Fanfaidh mé go bhfeicfidh mé cé'n chaoi a bhfuil siad ag éirighe".
Ní raibh i bhfad ann go bhfaca sé cailleach ag teacht chuige agus bhain sé an cloigeann dí. Bhí cailleachai ag teacht go raibh sé cinn aige agus iad marbhuighthe aige. Tháinic cailleach a raibh drioball uirthi agus chuir sí a drioball siar i mbéal Céadtach agus tharraing sí aníos a chroidhe. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Informant
- Séamas Ó Tuathail
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Gleann Trasna, Co. Galway