School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 095
- XML “Bean a Raibh Mac Aici”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó agus bhí triúr mac aicí. Dubhairt an mac ba óige go ngabhfadh sé ag saothrughadh. Dubhairt a mháthair leis a dul amach agus canna uisge a thabhairt isteach. Chuaidh an mach ba óige amach ag iarraidh an uisge. Nuair a tháinic sé go dtí an tobar chuir sé an canna síos ann agus níor thóig sé acht braon beag. Chuir sé an canna sa tobar aríst. Níor thóig sé acht braon beag.
Tháinic spideóg ar an gclaidhe agus dubhairt sí leis dóib a chuir air.
"Imthigh leat", adeir sé, "Is fearr a bhí fhios agam fhéin le h-aghaidh dóib a chur air". Chuir sé dóib air agus thóig sé lán canna. Thug sé isteach 'ig a mháthair é agus(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Cuáláin Phádraic
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway