School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lá agus d'fhiafruigh sé dhe, "Cé'n chaoi a dtaithnigheann sé leis".
"Maith go leór", adeir a fear.
"Caithfidh tú an áit seo a fhágáil", adeir an maighistrear.
"Ní fhágfad, mura dtugaidh tú slighe maireachtála dhom", adeir sé.
"Tiubhraidh, acht fág an áit seo", adeir an máighistear.
Thug sé meaisín dhó a bhí in ann a lán oibre a dhéanamh. Bhí sí in ann caiple, beithidhigh, ór agus airgead agus carrannaí a dhéanamh. Bhí an dearbhráthair a bhí an t-saibhear agus a raibh d'airgead aige. Cheannuigh sé lán páirce do bheithidhigh. Bhí an aimsir chomh breágh sin nach raibh aon deór uisge ag na beithidhigh. Chuaidh sé go dtí an dearbhráthair lá ag iarraidh an mheaisín air. Thug sé dhó í agus thosuigh sé ag déanamh uisce leithí.
Bháith sí na beithdhigh agus an pháirc air thar nár dhubhairt sé léithí stopadh. Tháinic caiptín luinge chuige lá ag iarraidh an mheaisín air. Thug sé dhó í mar theastuigh salann uaidh, mar(continues on next page)- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway