School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 121
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 121
- XML “Talmhaí, Táilliúr agus Gréasaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- [Seán Ó Máille, Camus Uachtair, Casla Co na Gaillimhe a d'innis na sgéalta sel ar leanas. Tá trí sgóir agus cúig bliadhna slánuighthe aige is chuals sé féin na sgéalta 'na óige cois na teineadh ó shean-uncal leis a bhí in aon-teach leis.]Bhí bean ann fadó agus bhí triúr fear ag tigheacht ag breathnughadh uirthi, Talmhaidhe, Táilliúr agus Greasaidhe. Ní raibh a fhios aici annsin cé acu a b'fhearr dí a phósadh. Bhíodh an táilliúr agus an gréasaidhe an gléasta acht ní bhíodh ar an talmhaidhe acht gioblachai stróichthe. Lá amháin chuir an bhean sean-éádaigh uirthi féin agus d'imthigh léithe a iarraidh an cheist a réidhteach.
Tháinic sí isteach i dteach an ghréasaidhe agus leig sí uirthi féin gur bean shiubhail a bhí inntí. Ní raibh sa teach roimpí acht sean bhean agus d'iarr sí lóisdín na h-oidhche uirthi. Fuair sí sin agus fáilte. Thosuigh bean an tighe ag innseacht dhi go raibh mac aicí is go raibh sé(continues on next page)- Informant
- Seán O Máille
- Gender
- Male
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway