School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 134
- XML “Galraí”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Nuair a bhím-se san oidhche ag ól,
Bím-se sa ló ar an leabaidh,
Bíonn mo chroidhe dhá dhóigheadh
Nuair bíonn mo phócaí folamh."Bádóirí. Bhí bádóirí amuigh ag iasgaireacht lá. Is gearr gur mharbhuigheadar easco mhór. D'oscluigheadar í. Bhí siad le í a chur síos leis na fataí a bhí bruithte acu. Chuadar dhá chur síos agus dubhairt duine acu gáirleóg a chur uirthi.
"Aré", adeir sí, "Ní chuirfidh sibh aon gháirleóg orm-sa", ag tabhairt an fhairrge uirthi féin aríst. (no title)
“Na daoine a bhí ann fadó bhí siad follán go maith acht má bhí féin bhí galar go leór ortha.”
Nóirín, Bean Uí Mháille, Camus Uachtair, Casla, Co. na Gaillimhe a d'innis an seanchas seo ar leanas. Baintreabhach atá inntí le ós cionn cúig bliadhna déag, áit ar cailleadh a fear oidhche shneachta ar thaobh an tsléibhe agus é i ndiaidh a chuid caorach. 67 bliadhain d'aois atá sí anois agus deir sí gur óna fear a chuala sí bunáite a bhfuil annseo.
--
Na daoine a bhí ann fadó bhí siad follán go maith acht má bhí(continues on next page)