School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 146
- XML “Pisreogaí”
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1.
Má bhíonn aon duine tinn sa teach ní leigfidh siad aon splannc amach.
2.
Tá daoine ann agus má thugann siad uisce isteach sa meadhon-oidhche cuireann siad sop dearg ann.
3.
I lá Bealtaine, ní sguabtar an t-urlár agus ní chuirtear amach aon luaithe.
4.
Lá Bealtaine ní leigtear aon deór bhainne amach gan uisce a chur thríd.
5.
Dá mbeadh bean ag déanamh máistreadh agus duine dona comharsain a theacht isteach dhéanfadh sé cuid do'n bhainne le faitchíos go dtiubharfadh sé an t-im uaithe.
6.
Cuirtear sméaróid faoi'n gcuinneóig nuair bíthear ag déanamh máistreadh. - (continued from previous page)Fr. = Ceó.
76. Chonnaic mé rud ar chnocán na gcloch is é ag cur a chuid adharcai amach le olc.
Fr. = seilmide.
77. Molt iarainn is iorball olainn air.
Fr. = snaithead mhór a mbeadh snáithe ola[nn] aisti.
78. Cé méad cos ar ucht muilt.
Fr. dhá chois.