School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 284
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Fhocla a chruinnigh gasúir na Sgoile
Ní i gcomhnuidhe bhíos aonach ann.
Is beatha do dhuine a thoil.
Dá chuid den obair í thosuighe.
Ní fiú an tairbhe an trioblóid.
Nuair a bhíonns an bolg lán is mian leis na gnámh síneadh.
An té chruthaigh neamh agus parrthas níor dhearmad sé é féin.
An té mbíonn an t-ádh air fhéin bíonn sé ar a chat is a mhadadh.
An lá a bhíonns ag báisteach bíonn sé fliuch.
Bíonn a chiall fhéin ag chuile amadán.
Deireadh gach sláinte osna.
An barran a bhíos mór bíonn an fata mór fuithe.
Ní airigheann subhach sáthach bolg fallamh.
Sé teanamh an dá chailleach is gan ceachar acab ag teacht.
Ní theagann an aois is an óige le chéile.
Chuait ghearr is í dhéanamh go hannamh is an uair sin fhéin i dteach do charaid.
Ba mhinic deatach mór ar dhroch theine.
Sé dubhairt an bhean ruadh bhí i dtosach an tsluaigh gan an dorus ó thuaidh bheith osgluigthe.
I ngan fhios don dlighe is fearr a bheith ann.(continues on next page)