School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Muc
- XML Page 311
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtar go raibh go leor airgid ag na sean daoine a bhí ann fadó. Níorbh mhaith leo é fhágháil ina ndiaidh ag mac ná ag inghean le sógh a bhaint as tar éis a mbáis. 'Séard a dhéanaidís leis é chur i bhfolach i n-áit eicínt nach bhfuigheadh aon duine é.
Bhí go leor de na sean-daoine sin agus chuireadar airgeadh i bhfolach i n-áiteacha annseo agus annsiúd ar fud an cheanntair. Chuala mé fhéin ó shean-fhear ar an mbaile fá shean-bhean a bhí san áit seo fadó agus bhí comhnuidhe uirthi i mbotháinín bheag gan aon duine i n-éinfheacht léithe ach í fhéin. Bhí go leor airgid aice agus mar gheall ar nach raibh mac ná inghean, dearbhráthair ná dearbhshiúr le na fhágháil aca, 'séard a rinne sí leis(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Thnuthail
- Gender
- Female
- Informant
- Micheál Ó Tnuthail
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway