Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. Galway
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 426
- XML “An Tarbh Breac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An tarbh breacBhí fear ann fadó agus phós sé. Bhí mac aige. Is gearr gur cailleadh a bhean agus phós an fear arís agus bhí an leas mháthair an dona do'n bhuachaill. Chuireadh sí amach é 'chuile lá ag fosaidheacht ar an sliabh agus ní thugadh sí a leath dhóthain le n-ithe dhó agus bhíodh sé ag ithe an fhéir a bhíodh ag na beithidhigh. Aon lá amháin bhí sé ag fosaidheacht agus tháinic tarbh aige agus dubhairt sé leis an mbuachaill, "Cas an adharc seo". Chas an buachaill an adharc agus tháinic an béile is deise chonnaic sé ariamh amach ar an talamh aige. Nuair a tháinic sé abhaile tráthnóna ní raibh sé i ndon aon bhlas ithe. Bhí fhios ag an leas mháthair gur ith sé rud éicint. Bhí triúr ingean aice agus chuir sí an chéad amach lár na bháireach dhá fhaire agus nuair a bhí sé an haon a chlog chuala sí an ceol is deise chuala sí ariamh agus thuit sí ina codladh. Tháini[c](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Gríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 26
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. Galway