School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)

Location:
An Trá Bháin, Co. Galway
Teacher:
Meleachlán Mac Gairbhín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 353

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 353

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tráigh Bhán
  2. XML Page 353
  3. XML “Tincéirí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is minic a chonnaic mé tinncéaraí. Bíonn éadach stróícígh ar na tinncearaí a fhágainn's siad i dtighthe eile. Théigheann siad timcheall an baile ag cruinnúghadh gach a bhfuigheadh siad. Nuair a fhágann's siad sean éádaigh i dteach téígheann siad go Gaillimh agus díolann siad iad agus fághann siad go leór airgid orrtha agus déantar páipéir as an t-sean-éadaigh.
    Tógann siad botháin dóibh féin agus fanann siad ina gcómhnuidhe ionnta. Tagann siad as áíteacha eile agus déanann siad na botháin as canbhás agus ceanglann siad e le rópaí ar fhatchíos go bfuadheóchadh sé. Sé an tslighe beatha a bhíónn's aca a bheith ag deanamh cannaí stáin agus sáspainn. Bíónn na mná fhéin ag dul thart ó teach ag cruinniú gach a bhfuighid siad. Bíonn cárr agus capall ag gach duine de na tinnceáraí le iad fhéin a iomchur ó áit go h-áit. Bíonn cuid de na tinnceárcaí ag deánamh pictúirí agus rudaí deasa eile. Bíonn fear ag imtheacht thart darbh ainm "Fury" as Doire Choill agus tá teach tóighthe aige ins san sliabh le taobh Loch an Ghainimh. Bíonn cuid de tinnceáraí agus bíónn siad an bhrocach salach agus bíonn feasóg mór fhada ar na fir agus bíonn cóta salach ar na mná agus é lán de phoill agus bíonn paistí ar a ndruim ag na mná agus bíónn na páistí chómh giobalach stróíce freisin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish