Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. Galway
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 085
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 085
- XML “Amhrán Mháirtín Mhóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán Mháirtín Mhóir
“Bliadhain go samhain seo seadh déanadh an chreach úd”
Amhrán Mháirtín MhóirBliadhain go Samhain seo seadh déanadh an chreach úd.
Ní amháin ar Ghaillimh achth ar chuile thír.
Nuair a sgiob an bás uainn an sean-fhear álainn
Is go bé sin Máirtín Mór a bhí ina TD
Nuair a chuaidh an sgéal brónach seo ar fud na háite (bhí lag)
Bhí lag is láidir ar a ndolás faoi
Mar bhí a gcaraid cáillte aca a thógfadh láimh leo
I ngach chruaidh-chás dá dtéidís thríd
Tráthnóna Dia Domhnaigh seadh tógadh amach é
As a phálas álainnn mar ar chaith sé a shaoghal
Is d'fhág sé a dheirbhsiúr bhocht go buardhartha cráidhte
Ní indiu ná a mbárach achth chuile lá choidhche
Bhí a dhearbhráithair Tomás ann go buadhartha cráidhthe
Is an dochtúir Michil is beag nár bhris chroidhe
Bhi Máire Ní Mháille ann an óigbhean álainn
Is le cumha i ndiaidh Mháirtín ní mhairfid sí
ii
Lár na bhárach bhi Aifreann árd air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. Galway