School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. Galway
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 025
  3. XML “Scéal faoi Pháidin Láidir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a chur ar ais. Rug Páidín ar a mháide agus thosuigh sé dá mbualadh agus dá ndibhirt ach arnú mo léan ní dheaca sé leath bealaigh leo. Chuaidh an rí go dtí an Sean Dall Glic agus dubhairt sé "mara gcuireadh tú slighe bháis éicint ar Pháidín marbhóchaidh sé muid."
    Dubhairt an Sean Dall Glic "fáig congnamh fear anois agus chuir an bhró mhuillinn na sheasamh ar bhruach an tobair agus cuir Páidín ag taosgadh an tobair ar maidin agus nuair a gheibhimíd shíos san tobar é, an bhró mhuillinn a chaitheamh síos air agus marbhóchaidh sé sin é." Fuair Páidín buiceadh ar maidin agus chuaidh sé ag taosgadh an tobair agus cheap sé nach mbéadh sé taosgaite aige. Chuir sé a bheal ar an tobar agus tharraing sé a anal agus ní fág sé deoir ann ach an salachar a bhí ar a thoin. Chuaidh sé síos leis an mbuicead ag bailiú an tsalachair agus nuair a fuair siad thios é. Chaith siad an bhró mhuillinn ós a cionn agus an poll a bhí san mbró chuaidh se ar a chloigeann. Nuair a bhí an tobar glanta aige tháinig sé aníos agus dubhairt sé. "Go raibh maith agat a mháighistir is deas an hata é sin a bhronn tú orm." Bhuail faithcíos an rí agus dubhairt sé tiubhraidh mé do meadhchan fhéin d'ór dhuit agus m'ingéan. "Níl mé ag iarraidh t-ingéan ach tabhair dhom mo mheadhchann fhéin d'ór" adeir Páidín. Chuaidh Páidín isteach san sgála. Bain dhiot do hata adeir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Informant
    Seamus Ó Congalaigh
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tír an Fhia, Co. Galway