School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)measg na ndiabhal" adeir Páidín. Tá fiacail leath i lár a charbaidh uachtair" adeir an rí. Thug Páidin leis a máide agus as go bráthach leis sna fásgaidh. Nuair a shroic sé chomh fada le geataí Ifrinn bhuail sé an geata agus sé isteach i lár Ifrinn an geata agus an doras. D'éirigh Bellseybow an t-árd mháighistir amhach chuige agus dubhairt sé leis. "A Pháidín ceard atá uaith." "Tá dearbhráthair riógh Neifin uaim" arsa Páidín. "Cé'n marc atá agat ar dearbhráthair ríogh an Neifin" arsa Bellseybow." Tá fiacail mhór i lár a charbadh uachtair" arsa Páidín. Chuaidh Bellseybow isteach agus ní raibh aon diabhal isthigh nach raibh fiachail leatan ann. Chuaidh sé amhach agus dubhairt sé le Páidín é fhéin a dhul isteach agus é phíocadh amhach, mar go raibh fiacail leatan in gach duine aca. Isteach le Páidín agus chonnaich sé an fhiacail in gach duine aca. Ní dhéarna sé ach iad a thiomaint amach agus dubhairt sé "píocfaidh sé fhéin é." Thiomain sé leis iad go dtáinig sé go dtí rígh an Neifin. Ní raibh páirc ná gleann timhceall an tíghe nach raibh diabhal na sheasamh ann. Chuaidh Páidín isteach go dtí an rígh agus dubhairt sé leis fhéin a dhul amhach agus é phíocadh as na diabhail má bhí aithne aige air. Bhreathnuigh an rí amhach agus nuair a chonnaich sé a raibh timhceall a tíghe, d'iarr sé ar Pháidin ar son Dé iad(continues on next page)
- Informant
- Seamus Ó Congalaigh
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway