School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: N., Bean Uí Cholchúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fada, srón geárr agus srón cámh. Srón fada an mac is sine, srón geárr an dára mac agus srón cámh ar an tríomhadh mac.
Bí gráin ag srón (cam) fada agus srón geárr ar srón cam agus bheidís ag déanamh gach rud air; bhíodh siad ghá bhualadh agus ghá mharbhughadh. Aon lá amháin chuir siad síos i mála é, agus dubhairt siad go mbádhfadh siad é. D'imthigh leóbh go dtáinig siad go dtí teach ósta. Leag siad an mála taobh amuigh agus chuaidh siad isteach. Tháinig bean an tighe amach. fuair sí srón cham amuigh san mála. Sgaoil sí amach é agus líon siad le móin é. Chuaidh srón chámh ibhfolac.
Núair a tháinig an bheirt amach thug síad leó an mála agus chaith síad amach san abhainn é. Chuaidh an bheirt abhaile agus íad lán t-sásta mar gheall go raibh srón cámh báidhte. D'imthigh srón (fada/cam) as an teach ósta nó go dtáinig sé go dtí roilig. Chuaidh sé isteach ann. Ba gheárr gur airigh sé cuit ag teacht. Chuaidh sé isteac faoí cloc.
Tháinig na cuit agus shuidh(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Chúaláin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Laoí
- Gender
- Male
- Age
- 98
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cheathrú Rua, Co. Galway