School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: N., Bean Uí Cholchúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siad cuig phunt do ioch dá bhfágfaidh siad istig san oidhche é agus ní raibh cúig phunt aca. Tá cúig phunt agamsa arsa seisean agus tiubhraidh mé díobh é agus féadfaidh sibh é fhágháil isthigh. Thug sé cuig phunt dóibh agus d'imthigh leis. Ní raibh a bfadh siubhalta aige nuair casadh fear beag ruaidh air. D'fiafruigh sé dó cé raibh sé ag dul. Dubhairt seisean go raibh sé ag dul go dtí an domhan Thoir ag iarraidh mná. Rachaidh mise in éinfeacht leat dubhairt an fear beag ruaidh. Ní'l aon gnotha agat in éinfeacht liom arsa seisean mar níl aon airgead agam. Níl aon dochar annsin dubhairt an fear beag ruaidh. Rachaidh mé in éinfeacht leat agus d'imthigheadar.
Ní raibh a bfad siubhalta aca nuair casadh fear leo a bhí ag réabadh cnuic síos i ngleann le na leath-chois. D'fiafruig sé dobhta cé raibh siad ag dul agus dubhairt siadsan go raibh siad ag dul go dtí an domhan thoir ag iarraidh mná. "Rachaidh mise in éinfeacht libh ar seisean. Teanam uait ar' seidsean agus d'imthigheadar leo.
Ba gearr go bfacha siad fear in a luighe agus a chluais leaghtha ar an talamh aige. D'fiafruigh siadsan dó céard a bhí sé ag déanamh. Dubhairt seisean go raibh sé ag éisteacht leis an bhféar ag fás, d'fhiafruigh sé dóib sé raibh siad ag dul(continues on next page)- Collector
- Patricia Ní Cuinneagáin
- Gender
- Female