School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)

Location:
An Cheathrú Rua, Co. Galway
Teacher:
N., Bean Uí Cholchúin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 280

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 280

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
  2. XML Page 280
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dubhairt sé leo buicéad uisge do thabhairt isteach ó'n tobar a raibh ráilí iarann thart timcheall air sa chaoi nac bhféadfaidh aoinne dul isteach go dtí é. Chuaidh an fear a bhí ag réabadh an chnuic amach agus thosnuig sé ag ciceál na ráilí go ndeárna sé smidiríní dóibh. Thóg sé aníos an buicéad uisge agus thug sé isteach aca é.
    Tá sin déanta anois arsa fear an tíghe acht caithfidh duine agaibh buidéal uisge do thabhairt agam ó'n Domhan Thiar agus rachaidh an t-Sean-bhean seo in éinfeacht leis. Mura mbeidh sé annseo níos túisce ná í bainfidh mise an cheann dó.
    D'imthigh an fear a bhí ag fusaidheacht na ngiarrfhiadhacha go dtí an Domhan Thiar agus bhí sé leath bhealaigh aniar aris nuair casadh an t-Sean-bhean dó agus i ag dul siar. "Suidh síos go fóill" deir an t-Sean bhean. Tá tú tuirseach agus leig dó sgíth." Shuidh an bheirt síos. Bhí biorán suáin ag an t-Sean bhean agus nuair a fuair sí seans sháith sí i chul an fhir é agus ba ghearr gur thuit sé in a chodhladh. D'éirigh sí agus thug sí léithí an buidéal uisge agus d'fágh sí an buidéil follamh le na thaoibh. Thosuigh sí ag déanamh an bealach abhaile.
    B'fada leis na fir eile go raibh sé ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0505: Dead Man as Helper
    AT0513A: Six Go through the Whole World
    Language
    Irish
    Collector
    Patricia Ní Cuinneagáin
    Gender
    Female