School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: N., Bean Uí Cholchúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lá an bhreitheamhnais.3/
Dia Dómhnaidhe amháin bhí Sagart ag tabhairt seanamóir uaidh ar lá an bhreitheamhnais. Dubhairt sé go mbeith na daoine uilig a léir le chéile cruinnighthe in aon gleann amháin. Nuair a bhí sé ag dul abhaile tháinig sé suas le sean-bhean.
"Go mbheannuidhe Dia dhuit a athar" arsa an t-Sean-bhean. Dia is Muire dhuit arsa an sagart. Measan tú a athair céard a raibh mé ag smaoineadh air. Is deacair a rádh arsa an sagart. Bhí mé ag smaoineadh ar an obair mhóir a bhéidheas againn lá an bhreitheamhnais. Féach annso a athair. "A mbeadh Loyd George annsin? Beidh arsa an Saghart.
Agus measan tú a Athair a mbeidh De Va Lera ann? Beidh arsa an Sagart. Insan gleann ceadhna arsa an Sean bhean. Is ins an gleann ceadhna arsa an Sagart. Ní bheidh an diabhal féin abalta iad a coingeál ó chéile' arsa an Sean bhean.4/
Bhí fear ann fadó agus fuair sé bás is chuaidh a bhean leis an socraid chomh fada leis an cros-bhóthair. Bhí teach lanna ag an gcros-bhóthair. Ba le fear dár b'ainm do "Jack" an teach lanna." Chuaidh an tsocraidh ar aghaid. Sheas an bhean. Dhearc sí 'ndiaidh an socraidh. Beannacht leat a bhrían go tigh Dé. Rachaidh mise go dtí "Jack".(continues on next page)- Collector
- Patricia Ní Cuinneagáin
- Gender
- Female