School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: N., Bean Uí Cholchúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ní labhróchadh sé léi; Agus sin é an chaoí ar chaith síad an lá ag tabhairt aire do na géadha nó go dtáinig an tráthnóna.
Ach, tar-éis theacht abhaile dóibh sa tráthnóna chúaidh Conchóbhar go dtí an sean-Rí agus dúbhairt sé nach mbhéadh sé i mbun na ngéadh i bfhochar an chailín ní ba bfhuide "Cad chuige?" ars an Sean Rí "Ara bhím cíapuighte aiche ó maidin go h-oidhche" Ars an sgorach. D'fíafhuigh an Sean Rí Céard abhíodh sí agh déanamh air "Ar maidin" ars Conchóbhar, "Núair abhíonn muid ag seóladh na ngéadh amach fá'n áirse dórchadh, labhruigheann sí leis an sean cloigeann capaill atá feistighthe ar an mballa go n-abruigheann "A ghearráin boicht mó bhrón do bhás sa" Agus freagruigheann an cloigeann annsin "A Ríoghan og, mo trúaigh do chás sa, Dá mbhéadh a fhios sin ag mhathair is í bheadh búaidheartha cráidthe". Agus Annsin d'innis Conchóbhar dó'n t-Sean Rígh gach a d'tuitheadh amach ar an mínleach agus an chaoí ambhíodh air dul ag rith sa tóir ar caipín.
D'órduigh an Sean Rí dó na géadha a sheóladh amach aríst ar maidin an laé abhí chuca. Núair a tháinig an maidin chúaidh an Rí i bfholach inaiche an geata dorchadh agus chualadh sé i ag cainnt lé cloigeann an(continues on next page)- Collector
- Bhéra Ní Mhuireadhaigh
- Gender
- Female