School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Nualláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl aon bhreac i bhfairrge is contubhairtighe de'n bhádóír na de'n íascaire na an báírneach. Tá síad sábháilte an fhad is choinnigheas síád ó'n gcloch a mbíonn an báirneach ag fás uirrthí. Ach tá rud amháin ag gabhail leis nach bhfuil breac i bhfairrge is túisge a ionnsuigheas an mab marbhán ná é. I-na dhiaídh sin is uile tá an tóír air i gcómhair baoite truisc agus bran.Níl draoí leis an ngreim a bhíos ar an gcloch ag an báirneach. Is lé sgían a bhaintear de'n chloch é sa taobh tíre. Ach dhá dtagfeá in'ghan fhios air thóígfheá suas gan stróbh lé do láímh é. Deirtear gur sa n-oidhche is mó a sholatháruigheas sé a bheaithe. Nuair a bhíos sé ag smúracht thart ag soláthar bíádh is beag nach nd'imhthigheann sé amach as an sligoán. Níor mhaith dhuit do theanga a bheith idir an sliogán agus an chloch, nuair a dhuineann sé isteach é. Nuair a thosuigheann sé ag fálróíd thart d'feidfheá dhá eirc ina(continues on next page)
- Informant
- Pádhraic Ó Máille
- Gender
- Male