School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Nualláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Caislean Draoidheachta.
Ins an am fadó bí Caisleán agus bhí sé faoí dhraoidheacht. Da mharbhuigh Rí Rí eile san gCaisleán seo uair. agus nuair do fuair an Dunmharbhthóir bás chuir sé an Caisleán faoí dhraoidheacht. Ní bhiodh an Caisleán lé feiceál sa lá ar chor ar bith, acht ar thuitimh na h-oidce bhiodh sé chómh soiléar is bí ariamh Bhiodh fáithchios ar chuile dhuine a dhul an bealach ar feadh na h-oidhche. Bí Rí ar an áit agus thairigh sé leath a shaidhbhris agus a inghín lé posadh d'en fhear a thóigfheadh an Caisleán ó'n gcealltair draoidheachta.
Na míllte míllte ó'n áit sin bhí teach agus bhí go leór muirghín ann. Bhí mac ann agus ní raibh fhios aige ceard é faithchiós. Nuair a deirfheadh na buachaillí eile go mbiodh faithchíos ortha Dfhiafhruigheach sé dhóibh ceard é faithchiós agus ar ndóighe ní raibh éinne i ndhon innseacht dhó. Nuair a bhí sé súas i na stócach dubhairt sé leis fhéin nach ndeanfhaídhe sé(continues on next page)- Informant
- Pádhraigh Ó Cualáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Pointe, Co. Galway