School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Nualláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis an gcolain" "Níor chorruigh sé. "Fág seó ar seisean aríst acht níor chorruigh sé". Fágh seo a deirm leat ar seisean ag tabhairt pultóg dhó agus dhá chur súas i gcúinne an tseomra. Nuair a shíl sé suidhe ar an gcathaoir buaileadh é. "Ná déin é sin aríst ar seisean acht buaileadh aríst é. Má dhéantar é sin aríst ar seisean teosheóchaidh mé ag bualadh ar seisean. Buaileadh aríst é agus thosuigh sé fhéin ag bualadh. Bhí siad thart air chómh tréan lé féar. Annsin nuair a bhí sé na mhaidin daithrigh sé an coileach ag glaodhach. agus annsin bhí cuile sórt chómh ciúin leis an uaigh thar éis an dhúnta acht amháin go raibh an Caisleán agus é tóghtha o dhraoidheacht aige.
Chuaidh sé go dtí an Rí agus bhí seisean ann-tsásta acht dubhairt an fear nar raibh fhíos aige ceard é faithchíos fós agus go gcaithfheadh sé é a fhághail amach. Gheall inghín an Riogh dhó dhá bposadh sé í go ninnseóchadh sí(continues on next page)- Informant
- Pádhraigh Ó Cualáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Pointe, Co. Galway