School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Nualláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Dia Máirt 'seadh a rinneadh mo chleamhnas, ¶ Mo chreach is faraor ghéar”
Dia Máirt 'seadh a rinneadh mo chleamhnas,
Mo chreach is faraor ghéar,
Mar rinne mé chómhairle mo mhúinntear.
Agus is pairt mhór go m'aimhreas é,
Tá mé pósta gan aimhreas,
Is maise atá ar bheagán céill,
S' dhá gcasfáidhe orm an sagart a phós mé,
Bhrisfinn a cheann gan bhréigh
II
Níl sé acht anuraidh óphís mé,
Agus is fuide liom lá ná blíadhain,
Níl dúil in imirt ná in ól, agam.
Ná aon chleas dhár mhealladh duine aríamh,
Acht ag breathnúghadh ar an ngiobóg gan fuinne,
A mharbhúigh s' a bhrúgh mo chéill,
S' dhá gcasfaidhe orn an sagart a phós me.
Bhrisfinn a cheánn gan bhréigh- Informant
- Bríghid Ní Fionntáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- An Cheathrú Rua, Co. Galway