School: Líonán
- Location:
- Leenaun, Co. Galway
- Teacher: Pádraig M. Ó Mathghamhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Líonán
- XML Page 041
- XML “An Chuinneog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cuinneog ag mo mháthair sa mbaile. Chuinneog a tugtar air. Tá sí trí troigh ar fhaid, agus tá sí troigh amháin ar leithead. Déantar í, i gcúigh noiméad dhéag. Tugtar loinithe ar an rud le'na bualtear an bainne. Tá clúdach ar béal na cuinneóige leis an mbainne a choimead síos ins an gcuinneoig. Ní chuirtear aon mharch ar an gcuinneoig chor ar bith.
Déantar an chuinneog dhá uair sa tseachtmhain san Samhradh, agus déantar í uair amháin sa t-seachtmhain san nGeimhreadh. Bíonn níos mo bainne ag na ba ins an Samhradh mar bíonn an fear le fághail aca. 'Sé sin an fáth go ndéantar an chuinneog dhá uair sa tseachtmhain san Samhradh. Déanann mo mháthair an chuinneog. Cuidigheann muid go léir leí má támuid ins an dteach. Má thágann stróinséar nó comhursa isteach nuair a bhíonn sí ag déanamh na(continues on next page)- Collector
- Tómas Ó Feathartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Glennagevlagh, Co. Galway