School: Cloch Bhreac (roll number 12106)
- Location:
- An Chloch Bhreac, Co. Galway
- Teacher: Pádraig de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal - Cailleach mhór an óileán gláis.Bhí rí ann fadó agus a bhean agus a inghean. Bhí an inghean fásta suas go maith nuair a cailleadh an mhatháir. Annsin nuair a bhí an mhatháir ag fagháil bháis d'fhaghadh sí le h-uchtadh gan a fear aon bhean a phósadh ach an bhean a mbeadh a fáine fhéin i ndan a dul ar a meidhir. Annsin lá ámhain bhí an rí imthigthe amach agus bhí an inghean ag tóireacht rud éicint agus casadh leí fáine i máthair agus chuir sí isteach an fáine ar a meidhir. Annsin nuair a bí an fáine istigh ar a meidhir ní raibh sí i ndan é bhaint amach aríst. Annsin fuair sí éadach agus chuir sí ar a meidhir é, agus nuair a tháinig an rí isteach d'fhiarruigh sé dhí céard a bhí ar a meidhir agus dubhairt sí gur géarr sí í. Annsin d'fhag sé mar sin é go dtí an chéad lá eile. Nuair a d'fhiarruigh sé an céad lá eile dhí é, dubhairt sí nach raibh dadí ar a meidhir, ach an tríomhadh lá(continues on next page)