School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 054
- XML “Scéal - An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fathach fadó ann agus is fadó a bhí. Nuair a bhí sé ag imtheacht ar maidin dubhairt sé le na mhnaoí an mac a mharbhughadh agus é a bheith bruithe dhó nuair a thiocfhaidh sé abhaile. Nuair a d'imthigh sé thosuigh an bhean ag gol mar níor mhaith léi an mac a mharbhughadh. Tháinig an gaduidhe dubh isteach chuici agus d'íarr sé dhi tuige a raibh sí ag gol. Fathach atá pósta agamsa adubhairt sí, agus dubhairt sé liom mo mhac a bheith bruithte nuair a thiocfhadh sé abhaile. Bhfuil aon mhuc agad adubhairt an gaduidhe dubh. "Tá adeir sí." Má tá adeir sé, sábhalaidh mise an mac.
Mharbhuigh an gaduidhe dubh an mhuc, agus glan sé í, agus bhain sé an mhéar do'n mhac agus chuir sé an mhéar i ngualann na muice, agus chuir sé an mhuc ag bruith. Bhí an fathach ag(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Catháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Maum, Co. Galway