School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
An Buachaill ClisteBhí rí ann fadó agus ní raibh aige acht aon mhach amháin. Nuair a bhí an mac bliadhain is fiche dimthigh sé, agus dubhairt sé le na a athair ag imtheacht dó sgéal a chuir aige nuair a chailleadh a mháthair acht an té déarfhaidh leis, “tá do mháthair caillte, bhí sé leis an cheann a chailleadh”.Is fearr gur tháinig an capall bán i gcoinne a mháthar agus dubhairt an rí le fear as an mbaile dul agus a rádh le na mhac go raibh an mháthair caillte acht dubhairt sé go raibh faitcíos air go gcaillfeadh sé a ceann.Dimthigh an fear leis agus tháinig sé chomh fada le teach mac an rígh agus bheannaigh an bheirt acu dhá chéile. “Cén sgéal é” ars mac an rígh agus dubhairt an fear “ná clocha a bhí in iocthar anuraidh tá said in uachtar i mbliadhna” “Tá go maith” ars mac an rígh “bhfuil aon sgéal eile agat”. “Tá” adeir an fear “an chéad loistín a bhí tú do chomhnuidhe ariamh ann, tá sé tuichte á aréir”. “Tá fhios agam” ars mac an rígh “tá mo mháthair caillte” “tá” ars an fear.“Cé mhéad a fuair tú as é innseacht domsa” a deir mac an rígh. “Cúig punt” ars an fear. “Tuibhraidh mise cúig punt eile dhuit” ars mac- Informant
- Pádhraic Mac Samharain
- Gender
- Male
- Age
- 24
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway